Galar an Ghrá

Chonaic mé scannán ag an deireadh seachtaine! Crazy Stupid Love an t-ainm a bhí air. Déanta na fírinne, ní raibh mé ag súil leis. Roghnaigh mo chailín álainn an scannán ach ba léi an babhta ! Mé féin a roghnaigh le cúpla mí anuas!!!

Mholfainnse go hard é. Scannán gealgháireach greannmhar atá i gceist. Glacann Steve Carrell agus Ryan Gosling páirteanna na bpríomhaisteoirí. Bí ag súil le cúpla ‘gáire ós ard’ i rith an scannáin!

Is fiú go mór é a fheiceáil. Glacann Gosling ról an rogaire sa scannáin. Tuigeann sé na mná. Ba chóir go dtuigfeadh sé, bíonn ceann nua aige achan oíche!

A mhalairt ar fad atá fíor le Carrell. Fear pósta is ea é. Déanann a bhean chéile an salachar air le fear eile agus titeann a shaol síos timpeall air. Buaileann sé le Gosling sa teach tábhairne áitiúil. Tá trua ag Ryan do agus léiríonn sé dó conas a bheith ag deileáil leis na mná!

Ní scriosfaidh mé an chuid eile den scéal oraibh. Tá cúpla casadh iontach ag an deireadh. Sos iontach é an scannán seo ó ghnáth ROM COM!

Ranganna: Uncategorized. Clibeanna: , , , , . Buan-nasc.

4 Fhreagra ar Galar an Ghrá

  1. Arsa dumb and dumber:

    is maith liom an sceal seo

  2. Arsa T.G.:

    Is brea liom an scannan! 🙂 Ta greannmhar an scannan! Ta me go maith:))))

  3. Arsa dumb and dumber:

    is maith liom an sceal seo.

  4. Arsa mr pizza box:

    is maith liom an sceal seo. =)

Freagra