Glen Hansard

Chonaic mé Glen ag an Amharclann i Leitir Ceanainn i rith na seachtaine. Bhí Mark Geary ag tacú leis.

Ceolchoirm iontach a bhí i gceist. Fuair achan duine luach an ticéid ar aon nós. Thosaigh Mark ag seinm ar a hocht a chlog. Bhí briseadh beag ansin idir a ceathrú chun a naoi agus a naoi a chlog. Thosaigh Glen leis ansin agus níor chuir sé síos an giotár go dtí go raibh sé deich mbomaite go dtí a dó dhéag.

Siamsaíocht den chéad scoth a bhí inti. Chan an bheirt na seanamhráin cháiliúla uilig dá gcuid. Tháispeán Glen rointn cleasanna ar an ngiotár don slua. Chuir sé fáilte roimh fhear áitiúil amhrán a chanadh. Bhí an seó ar fad cosúil le séisiúin cleachtaidh in áit ceolchoirme. Bhain an slua idir shult agus thairbhe as an oíche.

Nach mó an trua nach féidir le níos mó ceoltóirí a bheith chomh hoilte sa cheol mar atá an bheirt seo!

Bhí gearán amháin agam ar an oíche. Níor chan sé Everytime, amhrán de chuid Bhritney Spears a chlúdaigh sé cúpla bliain ó shin! Mholfainn daoibh éisteacht leis!

Ranganna: Uncategorized. Clibeanna: , , , , , . Buan-nasc.

Aon Fhreagra Amháin ar Glen Hansard

  1. Arsa CMS:

    Cé Glen Hansard? Cár rugadh é? Cá bhfuil sé ina chónaí? Is maith liom an scéal seo. Tá an Ghaeilge simplí.

Freagra