Scéal Beag Paistiúil

Dé hAoine a bhí ann. Bhí me tuirseach traochta caite amach. Shiúil mé abhaile ón scoil. Shuígh mé ar an tolg ar feadh tamaill agus lig mé mo scíth. Ní cuimhin liom é ach is dócha gur thit mé i mo chodladh. An chéad rud eile a chuimnigh mé air ná a bheith ar domhan eile. Domhan ina raibh daoine buí ina gcónaí ann. Is cuimhin liom ag siúl. Níl a fhios agam go fóill cén áit, ach ag siúl a bhí mé. Bhí an bóthar fada agus cúng. Ní raibh aon trácht ait. Ní raibh tuairisc ar bith de charr. Go tobann, chonaic mé rud éigin ag teacht i ndorchadas na hoíche. Ní raibh mé cinnte cad a bhí ann. Bhí rud éigin ag soilsiú faoi sholas na gealaí. Tháinig sé i mo threo. Marcach a bhí ann. Bhí an marcach seo difriúil ó aon mharfach eile dá bhfaca mé ariamh roimhe. Bhí sé gleásta ó bhun go barr i ndubh. Bhí se ag marcaíocht ar chapall mór láidir a bhí chomh dubh le píc. Stop an marcaíocht agus tháinig sé anuas den chapall. Ní raibh eagla ar bith orm roimhe, cé go raibh cuma dáinseárach air! Níor labhair sé oiread is focal. Ní fhaca mé a aghaidh. Chuir sé a lámh isteach ina chóta agus bhain sé litir amach. Bhí clúdach ór ar an litir. Thug sé domsa í. Bhí m’ainm scríofa uirthi. Gan a thuilleadh móille, léim an marcach ar ais ar an gcapall agus d’imigh sé leis arís síos an bóthar.

Is cuimhin liom go raibh an oíche ciúin tirim. Bhí na réalta geala ag damhsa sa spéir agus bhí an ghealach lán. Ní raibh gíog nó míog le cloisteáil ar an mbóthar. D’oscail mé clúdach na litreach ansin. Bhí litir lámhscríofa taobh istigh. Léigh mé í. Cuireadh a bhí ann. Cuireadh do chóisir. Cóisir sa cháisleán. Bhí mé lán-sásta go bhfuair mé an cuireadh… bheadh spraoi ag an gcóisir chéanna.

Shiúil mé liom go dtí gur shroich mé ag geataí an cháisleáin. Bhí síog mór míofar ansin ag fanacht liom. Shíl mé a lámh i mo threo. Thug mé an litir dó. Léigh sé í agus d’oscail sé na geataí. Las an bóthar romham. Bhí soilse an cháisleáin ag soilsiú na spéire. Agus mé ag dreapadh na gcéimeanna, bhuail mé leis an Rí. Chuir se fáilte na féile romham. Dúirt sé go raibh sé sásta gur tháinig mé agus go raibh a hiníon ag súil go mór le mé a fheiceáil.

Bhí an chóisir plódaithe le daoine agus le sioga. Ní raibh iontas ar aon duine go raibh síog le dhá cheann ag freastal taobh thiar den bhéar. Bhí iníon an Rí ina seasamh in aice na fuinneoige bige. Rith sí chugam agus thit sí isteach i mo lámha. Thug sí póg dom. Bhí sí galanta. Bhí guna donn síoda le réalta beaga órga á caitheamh aici. Bhí gruaig fhada chatach fhionn uirthi agus bhí a craiceann chomh bán le sneachta. Spéirbhean ab ea í agus cheap mé nach bhfaca mé cailín chomh dóighiúil léi riamh i mo shaol roimhe. Bhí mé i ngrá.

A Liam, dúisigh!! Ta an dinneár réidh agus tá obair bhaile le críochnú agat!”.

B’shin deireadh le mo bhrionglóid.

Ranganna: Uncategorized | 1 Fhreagra Amháin

Dreapadóireacht

Tá meas nua agam do dhaoine a théann ag dreapadh na gcnoc! An tseachtain seo caite, chuaigh mé féin agus mo bhean mhaith go Condae Mhaigh Eo. Chaith muid an mhaidin ag troid le Croagh Pádraig. D’éirigh linn an barr a bhaint amach taobh istigh d’uair agus deich mbomaite. Is oth liom a rá nach bhfaca muid ach ceo ag an mbarr! Ná bí ag caint ar a bheith croíbhriste!

Thug muid faoi dhúshlán nua an tseachtain seo. Chuaigh muid beirt go Sligeach agus dhreap muid cnoc na rí, nó, knocknaree mar is fearr aithne air! Bhuail muid le duine amháin fíorshuimiúil ar an mbealach. Fear meánaosta a bhí ann agus é ag rith suas anuas an cnoc arís is arís eile!!! Nach maith é féin?!

 

 

Ranganna: Uncategorized | Tabhair freagra

Ár dTaoiseach

Ár dTaoiseach

 

Tá beirt a chuaigh i bhfeidhm go mór orm an tseachtain seo a chairde.

 

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom píosa a rá faoin méid a dúirt ár dTaoiseach Enda Déardaoin. Ní dúirt sé ach firící. Tá muintir na hÉireann ag dul glan ar mire ó tharla go ndúirt sé gur thóg Éireannaigh an iomarca airgid amach ar iasacht i rith aimsir an Tiogair Cheiltigh??? Sin mar a tharla sé. Cad chuige a bhfuil daoine ag gearán?? Ní dhearna gach duine é agus tuigim sin. Ach ní dúirt Enda go ndearna gach duine é ach an oiread. Ní raibh sé ach ag míniú fhadhb na tíre i dtearmaí an-ghinearálta. Céard a cheapann sibh féin?

 

An dara duine a chuir iontas orm an tseachtain seo ná Roy Keane. Agus é ag déanamh anailíse ar an gcluiche mór idir Manchain agus Léarpholl, dúirt sé

“The worst thing a defender can do is to try to be too smart. They’re defenders for a reason”…Nach gceapann sibh go ndeachaigh sé píosa thar fóir???? Ní dóigh liom go raibh cuma ró-shásta ar Gary Neville a raibh ina shuí in aice leis!!! Roy dána!!

Ranganna: Uncategorized | Tabhair freagra

T-Rex – Slánaitheoir na Gaeilge i measc na nÓg?

Nach iontach an rud iad na hilmheáin a chairde. Tháinig mé trasna mo dhuine anseo inniu agus me i mbun ranga leis an gcéad bhliain. Tháinig sé go mór i bhfeidhm orainn. Chrúthaigh sé rud atá go géar de dhíth i measc sheomraí ranga na tíre – Greann agus gáire.

Molaim an fear atá taobh thiar de T-rex go hard na spéire. Maith é féin!

 

Ranganna: Uncategorized | 1 Fhreagra Amháin

Oireachtas na Samhna

Tá mé díreach i ndiaidh deireadh seachtaine den chéad scoth a chaitheamh thíos i measc mhuintir Chiarraí i gCill Áirne ag Oireachtas na Samhna 2011.

Bhí am ar dóigh agam ann. Bhuail mé le dlúthchairde de mo chuid agus rinneadh cairdeas nua ann fosta. Tháinig mo bhean mhaith in éineacht liom agus ceapaim go raibh iontas uirthi faoi mhéid daoine agus an méid Gaeilge a bhí le feiceáil agus le cloisteáil le linn na Féile.

Feictear domsa go bhfuil athrú suntasach tagtha ar an Oireachtas le cúpla bliain anuas. Nuair a thosaigh mé féina g freastal ar an bhféile, bhíodh grúpaí beaga le feiceáil ann. Tá fás agus forbairt ollmhór tagtha ar an bhféile le gairid. Is léir go gcuirtear i bhfad níos béime ar an bhféile anois i measc Ollscoileanna na hÉireann agus 450 seomra curtha in áireamh ag na mic léinn i mbliana! Rinne siad a seacht ndícheall an teanga a labhairt agus bheadh meas agam orthu dá bharr.

D’imigh an deireadh seachtaine i ngan a fhios domh dáiríre agus fágtar mé arís ag súil leis an gcéal bhliain eile anois i Leitir Ceanainn 2012! Go mbeimís beo ag an am sin arís!

An raibh duine ar bith eile agaibh i láthair ann?

Ranganna: Uncategorized | Freagraí: 2

Contagion

Scannán úr is ea Contagion le haisteoirí iontacha ag glachadh pairteanna ann, aisteoirí ar nós Kate Winslet, Matt Damon, agus Laurence Fishburne.  Is é Steven  Soderbergh stiúrthóir an scannáin

Cuireann banaltra dalta abhaile. Sin mar a thosaíonn an scannán. Feicimid bean ag ithe crónna. bean eile ag tógáil fóin ó thábla sa teach tábhairne. Caithfidh mé a rá gur eirigh mé gafa le Contagion go hán-tapa ar fad. Is scannán snanrúil é faoi ghalar aeir-bheirithe – Galar a mhairíonn na milliúin gan mórán móille.

Is scannán é Contagion faoi lionrith. Feictear an lionrith a bhuaileann an pobal, na Rialtais agus an domhan ina iomlan nuair a thagann an galar seo i mbarr a réime. Coinníonn an scannán aird an lúcht féachána ó thús deiridh. Nil aon amhras agam faoi – B’fhéidir go mbeidh an scannán seo mar scannán na bliana!

Fágann daoine an phictiúrlann agus iad thar a bheith macnamhach! Gluaiseann an scannán ó radharc go radharc go nádúrtha. Téann aisteoirí an scannáin timpeall an domhain – ón tSín go Londan. Tá scéalta grá agus scéalta pearsanta fite fuaite in anam an scannáin. Coimeádtar suim an lucht féachana ó thús deiridh.

Gabhaigí amach agus ceannaigí ticeád dó!

Ranganna: Uncategorized | Clibeanna , , , | Tabhair freagra

I am Legend

Víreas aerbheirthe atá mar phríomhfhoinse ag scéal an scannáin seo. Sa lá atá inniu ann, níl sé chomh mí-réadúil sin dar liom.

Buaileann víreas uafásach an domhan go tobann. Bíonn 90% de dhaonra an domhain thíos leis thar oíche! Níl fágtha ach mionlach, Robert Neville(an Príomhaisteoir) ina measc.

Chomh luath is a chuireann an víreas aisteach seo isteach ar dhuine, athraíonn an duine sin isteach ina zhombie(nó corp gan anam mar is fearr aithne orthu!).

Tuigtear ón scannán go dtiontaíonn an dream seo ar mhionlach an chine dhaonna atá fágtha mar phríomhfhoinse bia tar éis tamaill. Agus téann an scéal ar aghaidh ó shin…

Scannán maith atá ann dar liom. Bíonn teannas le braith as ó thús deiridh. Déanann Smith an-jab sa scannán mar dáiríe, is beag duine eile atá ann ach é féin agus a mhadra Sam.

An cheist a raibh agamsa tar éis domh a bheith ag féachaint air ná – arbh fhéidir le rud éigin cosúil le seo tarlú? Tuigeann gach mac máthar go ndéantar trialacha mídhleathacha ar dhaoine anois agus go n-úsáidtear víris cosúil leis an gceann sa scannán seo mar uirlisí troda…… an bhfuil muid slán a chairde?!??!?!?!?

Ranganna: Uncategorized | 1 Fhreagra Amháin

Glen Hansard

Chonaic mé Glen ag an Amharclann i Leitir Ceanainn i rith na seachtaine. Bhí Mark Geary ag tacú leis.

Ceolchoirm iontach a bhí i gceist. Fuair achan duine luach an ticéid ar aon nós. Thosaigh Mark ag seinm ar a hocht a chlog. Bhí briseadh beag ansin idir a ceathrú chun a naoi agus a naoi a chlog. Thosaigh Glen leis ansin agus níor chuir sé síos an giotár go dtí go raibh sé deich mbomaite go dtí a dó dhéag.

Siamsaíocht den chéad scoth a bhí inti. Chan an bheirt na seanamhráin cháiliúla uilig dá gcuid. Tháispeán Glen rointn cleasanna ar an ngiotár don slua. Chuir sé fáilte roimh fhear áitiúil amhrán a chanadh. Bhí an seó ar fad cosúil le séisiúin cleachtaidh in áit ceolchoirme. Bhain an slua idir shult agus thairbhe as an oíche.

Nach mó an trua nach féidir le níos mó ceoltóirí a bheith chomh hoilte sa cheol mar atá an bheirt seo!

Bhí gearán amháin agam ar an oíche. Níor chan sé Everytime, amhrán de chuid Bhritney Spears a chlúdaigh sé cúpla bliain ó shin! Mholfainn daoibh éisteacht leis!

Ranganna: Uncategorized | Clibeanna , , , , , | 1 Fhreagra Amháin

Galar an Ghrá

Chonaic mé scannán ag an deireadh seachtaine! Crazy Stupid Love an t-ainm a bhí air. Déanta na fírinne, ní raibh mé ag súil leis. Roghnaigh mo chailín álainn an scannán ach ba léi an babhta ! Mé féin a roghnaigh le cúpla mí anuas!!!

Mholfainnse go hard é. Scannán gealgháireach greannmhar atá i gceist. Glacann Steve Carrell agus Ryan Gosling páirteanna na bpríomhaisteoirí. Bí ag súil le cúpla ‘gáire ós ard’ i rith an scannáin!

Is fiú go mór é a fheiceáil. Glacann Gosling ról an rogaire sa scannáin. Tuigeann sé na mná. Ba chóir go dtuigfeadh sé, bíonn ceann nua aige achan oíche!

A mhalairt ar fad atá fíor le Carrell. Fear pósta is ea é. Déanann a bhean chéile an salachar air le fear eile agus titeann a shaol síos timpeall air. Buaileann sé le Gosling sa teach tábhairne áitiúil. Tá trua ag Ryan do agus léiríonn sé dó conas a bheith ag deileáil leis na mná!

Ní scriosfaidh mé an chuid eile den scéal oraibh. Tá cúpla casadh iontach ag an deireadh. Sos iontach é an scannán seo ó ghnáth ROM COM!

Ranganna: Uncategorized | Clibeanna , , , , | Freagraí: 4

Cúrsaí tráchta na Maidine

Cúsaí tráchta na Maidine!

Ceist agam oraibh? An obair seo a bhíonn ar siúl ar bhóithre na tíre? Nach mbeadh sé i bhfad ní b’fhearr dá dtosódh sé i ndiaidh na tráchta troime ar maidin? Lúifeadh sé le ciall gan na sóilse tráchta a chur ar siúl agus an bóthar dubh le carranna!
Cuireadh móill ormsa le coicís anuas anois leis na hoibrithe seo. Ní thuigim é. Ar theacht chuig an obair ar maidin domh, b’éigean domh 10 mbomaithe a chaitheamh gan ghluaiseacht. I rith an ama sin, ní fhaca mé puinn oibre ar siúl acu. Bhí scaifte acu ag siúl timpeall an ionaid ag caint faoi rudaí éagsúla. Ní hí an chaint atá á cáineadh agam ach an líne mór tráchta a bhí ag amharc ar an gcomhrá céanna. Caithfidh go bhfuil bealach níos fearr ann sa lá atá inniu ann?? An mbíonn sibh féin mar an gcéanna nó an bhfuil an buntáiste agaibh a bheith in bhur gcónaí in aice na hoibre??

Ranganna: Uncategorized | Clibeanna , , | Freagraí: 2