Scéal Beag Paistiúil

Dé hAoine a bhí ann. Bhí me tuirseach traochta caite amach. Shiúil mé abhaile ón scoil. Shuígh mé ar an tolg ar feadh tamaill agus lig mé mo scíth. Ní cuimhin liom é ach is dócha gur thit mé i mo chodladh. An chéad rud eile a chuimnigh mé air ná a bheith ar domhan eile. Domhan ina raibh daoine buí ina gcónaí ann. Is cuimhin liom ag siúl. Níl a fhios agam go fóill cén áit, ach ag siúl a bhí mé. Bhí an bóthar fada agus cúng. Ní raibh aon trácht ait. Ní raibh tuairisc ar bith de charr. Go tobann, chonaic mé rud éigin ag teacht i ndorchadas na hoíche. Ní raibh mé cinnte cad a bhí ann. Bhí rud éigin ag soilsiú faoi sholas na gealaí. Tháinig sé i mo threo. Marcach a bhí ann. Bhí an marcach seo difriúil ó aon mharfach eile dá bhfaca mé ariamh roimhe. Bhí sé gleásta ó bhun go barr i ndubh. Bhí se ag marcaíocht ar chapall mór láidir a bhí chomh dubh le píc. Stop an marcaíocht agus tháinig sé anuas den chapall. Ní raibh eagla ar bith orm roimhe, cé go raibh cuma dáinseárach air! Níor labhair sé oiread is focal. Ní fhaca mé a aghaidh. Chuir sé a lámh isteach ina chóta agus bhain sé litir amach. Bhí clúdach ór ar an litir. Thug sé domsa í. Bhí m’ainm scríofa uirthi. Gan a thuilleadh móille, léim an marcach ar ais ar an gcapall agus d’imigh sé leis arís síos an bóthar.

Is cuimhin liom go raibh an oíche ciúin tirim. Bhí na réalta geala ag damhsa sa spéir agus bhí an ghealach lán. Ní raibh gíog nó míog le cloisteáil ar an mbóthar. D’oscail mé clúdach na litreach ansin. Bhí litir lámhscríofa taobh istigh. Léigh mé í. Cuireadh a bhí ann. Cuireadh do chóisir. Cóisir sa cháisleán. Bhí mé lán-sásta go bhfuair mé an cuireadh… bheadh spraoi ag an gcóisir chéanna.

Shiúil mé liom go dtí gur shroich mé ag geataí an cháisleáin. Bhí síog mór míofar ansin ag fanacht liom. Shíl mé a lámh i mo threo. Thug mé an litir dó. Léigh sé í agus d’oscail sé na geataí. Las an bóthar romham. Bhí soilse an cháisleáin ag soilsiú na spéire. Agus mé ag dreapadh na gcéimeanna, bhuail mé leis an Rí. Chuir se fáilte na féile romham. Dúirt sé go raibh sé sásta gur tháinig mé agus go raibh a hiníon ag súil go mór le mé a fheiceáil.

Bhí an chóisir plódaithe le daoine agus le sioga. Ní raibh iontas ar aon duine go raibh síog le dhá cheann ag freastal taobh thiar den bhéar. Bhí iníon an Rí ina seasamh in aice na fuinneoige bige. Rith sí chugam agus thit sí isteach i mo lámha. Thug sí póg dom. Bhí sí galanta. Bhí guna donn síoda le réalta beaga órga á caitheamh aici. Bhí gruaig fhada chatach fhionn uirthi agus bhí a craiceann chomh bán le sneachta. Spéirbhean ab ea í agus cheap mé nach bhfaca mé cailín chomh dóighiúil léi riamh i mo shaol roimhe. Bhí mé i ngrá.

A Liam, dúisigh!! Ta an dinneár réidh agus tá obair bhaile le críochnú agat!”.

B’shin deireadh le mo bhrionglóid.

Ranganna: Uncategorized. Buan-nasc.

Aon Fhreagra Amháin ar Scéal Beag Paistiúil

  1. Arsa Mise Áine:

    @ síog le dhá cheann ag freastal taobh thiar den bhéar.

    Ar fhaitíos duine ar thóir doubles, is dócha..:-)

    Scéilín deas. Maith thú!

Freagra