Cúrsaí tráchta na Maidine

Cúsaí tráchta na Maidine!

Ceist agam oraibh? An obair seo a bhíonn ar siúl ar bhóithre na tíre? Nach mbeadh sé i bhfad ní b’fhearr dá dtosódh sé i ndiaidh na tráchta troime ar maidin? Lúifeadh sé le ciall gan na sóilse tráchta a chur ar siúl agus an bóthar dubh le carranna!
Cuireadh móill ormsa le coicís anuas anois leis na hoibrithe seo. Ní thuigim é. Ar theacht chuig an obair ar maidin domh, b’éigean domh 10 mbomaithe a chaitheamh gan ghluaiseacht. I rith an ama sin, ní fhaca mé puinn oibre ar siúl acu. Bhí scaifte acu ag siúl timpeall an ionaid ag caint faoi rudaí éagsúla. Ní hí an chaint atá á cáineadh agam ach an líne mór tráchta a bhí ag amharc ar an gcomhrá céanna. Caithfidh go bhfuil bealach níos fearr ann sa lá atá inniu ann?? An mbíonn sibh féin mar an gcéanna nó an bhfuil an buntáiste agaibh a bheith in bhur gcónaí in aice na hoibre??

Ranganna: Uncategorized. Clibeanna: , , . Buan-nasc.

2 Fhreagra ar Cúrsaí tráchta na Maidine

  1. Arsa aonghus:

    Ní bhím sa charr! 😉

    Ceart agat áfach, easpa éifeachta nuair is Comhairle Contae atá i gceist.

  2. Arsa Mise Áine:

    @ Caithfidh go bhfuil bealach níos fearr ann sa lá atá inniu ann?

    Bhuel, más rud go bhfuil, níl an chomhairle ar an eolas, shílfeá!

Freagra